Foilsithe ar 

SEARMANAIS AINMNITHE AGUS COIMISIÚNAITHE ÁRTHACH NUA DE CHUID NA SEIRBHÍSE CABHLAIGH  AN LÉ WILLIAM BUTLER YEATS

D'fhreastail an Taoiseach, an tUasal Enda Kenny, T.D., ar shearmanais ainmnithe agus coimisiúnaithe long nua na Seirbhíse Cabhlaigh, an  LÉ William Butler Yeats, ag Cé na Gaillimhe ar maidin.  Bhí an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe T.D., ina theannta. Duine de mhuintir Yeats a rinne an searmanas ainmnithe.

Dúirt an Taoiseach ina aitheasc, “Is mór an pléisiúr dom mar Thaoiseach fáilte a chur roimh an long nua isteach i bhflít na Seirbhíse Cabhlaigh.  Níl sí ach i dtús tréimhse fhada, thairbhiúil seirbhíse, táim cinnte, le hÓglaigh na hÉireann”.

Mhol sé gach duine a raibh baint acu le tógáil na loinge. Ghabh sé buíochas faoi leith leis an bPríomhchonraitheoir Babcock Marine Appledore, cuid den Babcock International Group sa Ríocht Aontaithe, le comhaltaí na Seirbhíse Cabhlaigh agus na Roinne Cosanta agus gach duine a raibh baint acu le teacht an árthaigh mhórthaibhsigh seo de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh go Gaillimh inniu.

Dúirt an Taoiseach freisin “Is mór an t-ábhar bróid do gach duine sa tSeirbhís Chabhlaigh coimisiúnú agus ainmniú an árthaigh.  Is acmhainn thábhachtach a bheidh san LÉ William Butler Yeats don tSeirbhís Chabhlaigh. Tá a fhios agam go bhfuil chéad chaptaen na loinge, an Leifteanant-Cheannasaí Eric Timon agus a chriú, ag súil go mór leis an long nua a chur ag obair go lánacmhainneacht”.

Maidir le ról na Seirbhíse Cabhlaigh, dúirt sé “tugann an tSeirbhís Chabhlaigh dúshlán gach duine dá pearsanra, anois níos mó ná riamh.  Cinntíonn longa na Seirbhíse Cabhlaigh go bhfuil ár n-uiscí críche slán. Neartóidh an LÉ William Butler Yeats, nuair a bheidh sí i mbun seirbhíse oibríochtúla,  go mór cumas na Seirbhíse Cabhlaigh.

Dúirt an tAire Kehoe "is ról casta agus dúshlánach é ról na Seirbhíse Cabhlaigh agus déanann sí obair thábhachtach ar feadh raon leathan rólanna a shannann an Rialtas uirthi. Tá aitheantas bainte amach le tamall anuas ag an tSeirbhís Chabhlaigh go hidirnáisiúnta mar gheall ar an obair thábhachtach atá ar bun aici sa Mheánmhuir.’’

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Kehoe, “Trí árthaigh nua-aimseartha a fháil agus trí phróiseas leanúnach athchóirithe agus deisiúcháin ar an bhflít atá ann faoi láthair, cinnteofar cumas oibríochtúil na Seirbhíse Cabhlaigh.”

Ghuigh an tUasal Kenny, in éineacht leis an Uasal Kehoe, gach rath ar Chaptaen agus ar chriú an LÉ William Butler Yeats,  thar a cheann féin agus thar ceann an Rialtais.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

An Clár Reatha maidir le hAthsholáthar Long
I ndiaidh comórtas tairiscintí, tugadh conradh do Babcock International sa Ríocht Aontaithe i nDeireadh Fómhair 2010 chun dhá Árthach Patróil Eischósta (OPVanna) nua 90m a sholáthar do Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann. Bhí rogha sa chonradh an tríú OPV a sholáthar freisin.  Tugadh an chéad cheann den dá long, an LÉ Samuel Beckett, ar láimh ag deireadh Aibreán 2014. Soláthraíodh an dara long, an LÉ James Joyce, i mí Iúil 2015. I Meitheamh 2014 bhain an Roinn leas as an rogha sa chonradh bunaidh chun ordú a chur isteach don tríú OPV, an LÉ William Butler Yeats, a ainmníodh agus a coimisiúnaíodh inniu.
Tháinig an LÉ Samuel Beckett agus an LÉ James Joyce in áit an LÉ Emer agus an LÉ Aoife faoi seach. Tiocfaidh an LÉ William Butler Yeats in áit an LÉ Aisling a díchoimisiúnaíodh agus a tarraingíodh siar ó sheirbhís an 22 Meitheamh 2016.

Is ionann luach an chonartha bhunaidh, lena n-áirítear an tríú long, agus €199,358,000, CBL san áireamh. Rachadh i mbun conartha le Babcock International i Meitheamh 2016 don cheathrú long a chosnóidh €66,789,000, CBL san áireamh. Déanfar an ceathrú long a sholáthar i lár na bliana 2018.